Don’t forget to improve your cúpla focal in a fun way
Jim Gavin, Patrún SnaGÁCT, Méara Cllr Emma Murphy agus Brian Ó Gáibhín Áras Chrónáin)

Don’t forget to improve your cúpla focal in a fun way

Former Dublin manager Jim Gavin is proud to be involved with Seachtain na Gaeilge and this week he writes as Gaeilge and as Bearla for The Echo ahead of local celebrations. 

IS MÓR an onóir dom a bheith páirteach le Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) 2023.

Is deis iontach é dúinn ar fad ár gcuid Gaeilge nó cúpla focal a úsáid agus a cleachtadh i rith Sheachtain na Gaeilge.

Tá féilire iontach d’imeachtaí atá ag tarlú i mbliana le linn Seachtain na Gaeilge ó GIG mór le KILA ar an Aoine 10ú Márta, Dianchúrsa Gaeilge le Ray Mac Manus in Áras Chrónáin ar an 9ú agus 10ú Márta, ceardlanna éagsúla idir ealaín agus ceol, agus ar ndóigh maidineacha chaife agus ciorcail comhrá tríd an Chontae.

Ná déan dearmad ar na ranganna Gaeilge agus dianchúrsaí Gaeilge sna leabharlanna agus in Áras Chrónáin a bhéas ina chabhair agus spreagadh dúinn ar fad an Ghaeilge a úsáid inár saol laethúil, lenár gcairde.

Is linn an Ghaeilge, is cuid dár noidhreacht, dár gcultúr, de muid mar Éireannaigh.

Táimid ag iarraidh níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh do dhaoine an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú le rud simplí ar nós ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ agus iad a úsáid Gach lá, Gach áit le Gach duine.

Gaeilge le Chéile

Molaim gach duine atá tar éis cuidiú leis an gclár leathan d’imeachtaí a bhéas ar fáil i 2023 idir Áras Chrónáin Ionad Cultúir, na Leabharlanna sa Chontae, comhairle Conate Átha Cliath Theas agus SnaGÁCT (Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas).

Is deis iontach í dúinn ar fad níos mó Gaeilge a úsáid.

Déan iarracht do chúpla focal a úsáid gach lá.

Go raibh maith agat.

I am very proud to be involved in SnaGÁCT, Seachtain na Gaeilge in South Dublin County for 2023.

This is a great opportunity for us all to use a few or a lot of spoken Irish during Seachtain na Gaeilge.

There is a great calendar of events taking place this year during Seachtain na Gaeilge and many workshops from art to music, and of course coffee mornings and conversation groups throughout the county.

Don’t forget to Improve your cúpla focal in a fun way at Spoken Irish classes and Intensive courses in Irish at the many Libraries throughout the county and Áras Chrónáin, D22X845 in the heart of Clondalkin village.

The Irish Language belongs to us all, it is part of our heritage, our culture, and part of us as Irish citizens.

We want to create more opportunities and encourage more people to use spoken Irish every day, starting with the easy step of using ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ and to use them Every day, Everywhere with Everyone.

I would like to thank everyone who has helped in putting together the evens for 2023 from Áras Chrónáin Irish Cultural Centre, the Libraries, South Dublin County Council and our Irish Festival, SnaGÁCT (Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas).

It is a great opportunity for us all to use more spoken Irish.

More details on the Áras Chrónáin website HERE

Ádh mór, Jim Gavin, Pátrún. 

TAGS
Share This