News as Gaeilge with Pól Ó Meadhra: Agóid Náisiúnta na nGael

News as Gaeilge with Pól Ó Meadhra: Agóid Náisiúnta na nGael

Beidh slógadh náisiúnta ar son na Gaeilge ar siúl an Satharn seo chugainn, an 20 Meán Fómhair ag 1:30 i.n. ó Chearnóg Parnell.

Táthar ag súil le sluaite móra ó gach cearn den tír, agus beidh Gaelphobal Thamhlachta i láthair le tacaíocht láidir ón bpobal áitiúil.

Is deis í seo chun béim a chur ar na fadhbanna leanúnacha a bhaineann le stádas na Gaeilge sa tsochaí, agus chun brú a chur ar lucht cinnteoireachta gníomhartha a dheanamh.

I measc na bpríomhcheisteanna atá i gceist tá an maoiniú do sheirbhísí Gaeilge, easpa acmhainní i scoileanna lán-Ghaeilge, agus gá le tuilleadh deiseanna poiblí agus pobail chun an teanga a labhairt.

Beifear ag éileamh ann chomh maith go gcomhlíonfar agus go gcuirfear i bhfeidhm gach ceart teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanas de chuid an Rialtais le tamall de bhlianta anuas gan a thuillleadh moille.

Tá Gaelphobal Thamhlachta ag fás i gcónaí agus tá sé ag cur le saol cultúrtha na háite trí ranganna, ócáidí cultúrtha agus clubanna sóisialta.

Tá á gcomharsana i gCluain Dolcáin tar éis forbairt shuntasach a dhéanamh freisin le blianta anuas, lena Ionad Cultúrtha, Áras Chrónáin agus grúpaí pobail ag tacú le húsáid na teanga sa cheantar sin.

Léiríonn sé seo go bhfuil bunús láidir ann do thodhchaí na Gaeilge sna bruachbhailte seo, ach tá gá le tuilleadh tacaíochta ón státchóras chun an obair seo a chosaint agus a leathnú.

Iarrtar ar gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge páirt a ghlacadh sa mhórshiúl.

Ní hamháin gur ócáid pholaitíochta a bheidh ann, ach teacht le chéile cultúrtha agus pobail chomh maith, ag cur i gcuimhne dúinn ar fad gur cuid lárnach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge agus gur gá  go mbeadh áit cheart aici inár saol laethúil.

A national rally for the Irish language will take place on Saturday, September 20 at 1.30pm, starting at Parnell Square.

Large crowds are expected from all over the country, and Gaelphobal Thamhlachta will be present with strong support from the local community.

This is an opportunity to highlight the ongoing challenges facing the Irish language in society, and to put pressure on decision-makers to take meaningful action.

Among the main issues at stake are funding for Irish language services, the lack of resources in Irish-medium schools, and the need for more public and community opportunities to use the language.

A demand for all legislation and all outstanding government and political commitments achieved over recent years to be implemented without further delay, will also be heard at the rally.

Gaelphobal Thamhlachta continues to grow, enriching the cultural life of the area through classes, cultural events, and social clubs.

Their neighbours in Clondalkin have also made significant progress in recent years, with the Irish language centre, Áras Chrónáin, supporting the everyday use of the language.

This demonstrates that there is a strong foundation for the future of Irish in these suburbs, but more support is required from the state to protect and expand this important work.

Everyone with an interest in the Irish language is urged to take part in the rally.

It will not only be a political event, but also a cultural and community gathering, reminding us all that the Irish language is a central part of our identity and that it deserves a rightful place in our daily lives.