
Seachtain na Gaeilge: Ceiliúradh ceolmhar ar an Ghaeilge i dTamhlacht
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia, rinne Club Óige Feachtas Tamhlachta in éineacht le Gaelphobal Thamhlachta siamsaíocht a chur ar fáil do bheagnach leathchéad duine i gCafe Aon Scéal i dTamhlacht.
Rinneadh amhráin a chasadh, coischéimeanna a rince agus spraoi a sholáthar do bheagnach leathchéad duine chun na Gaeilge a cheiliúradh
“Tá muid an-bhródúil as ár ndaoine óga i dTamhlacht. Cúis mhórtais í an grá agus an bród atá acu don Ghaeilge agus an spreagadh a thugann siad do dhaoine eile sa cheantar,” arsa Loretta Ní Churraighín, Bainisteoir Feachtas.
Is óg-eagraíocht Ghaeilge í Feachtas a eagraíonn clubanna óige agus imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge le gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath.
Tá club Óige Feachtas Tamhlachta lonnaithe i Scoil Santain gach Luain ó 6.30 – 8.00 i.n don aois grúpa 9-18.
Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia, bhí na daoine óga ó Chlub Óige Feachtas Tamhlachta ag cur na Gaeilge chun cinn i dTamhlacht. Ritheadh ceardlann Hip Hop tríd mheán na Gaeilge ann le Sinéad Ní Scolaí sa Chlub Óige i Scoil Santain chomh maith.
Lá mór a bhí ann i gCaife Aon Scéal Dé Domhnaigh ina ndearna seisear ball ón chlub Óige Feachtas Tamhlachta, Aibhlinn, Samantha, Summer, Faye, Khloe agus Pia, amhráin a chasadh don phobal.
“Ní hamháin go mbíonn an Ghaeilge á cur chun cinn acu le linn Sheachtain na Gaeilge ach i rith na bliana,” agus tá muid thar a bheith buíoch as ár gceannairí a chuireann an club ar siúl gach uile Luain, arsa Loretta.
“Déanann an Club ceardlanna a eagrú cosúil le ceardlanna iomanaíochta, drámaíochta, ealaíne, spórt, imeachtaí lae, agus imeachtaí thar oíche chomh maith le hobair pobail trí mheán na Gaeilge,” arsa Oisín Ó Dubhshláine, Oifigeach Forbartha le Feachtas.
Tá comhoibriú iontach idir an chlub óige agus na scoileanna áitiúl idir Scoil Cailtlín Maude, Scoil Santain agus Coláiste de hÍde, chomh maith le Café Aon Scéal.
Tá os cionn 40 duine óig ag freastal ar an chlub óige agus tá baill a d’fhreastail ar an chlub nuair a bhí siad níos óige anois ag obair mar cheannairí ann.
Faigheann Chlub Óige Feachtas urraíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Bord Oideachas Oilúna Baile Átha. Le haghaidh tuilleadh eolais:
Déan teagmháil le hOisín ag 087 770 9796 nó seol ríomhphost chuig oisin@feachtas.ie
Gluais:
Ógeagraíocht/ Youth Organastion
Ceardlann
iománaíochta/Hurling workshop
Scoláireachtaí/Scholarships Theanga Dhúachais/Native tongue