
Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht
CUIREADH tús le Seachtain na Gaeilge sa chaifé leis an seó ilteangach in Aon Scéal?, ‘Café an Ghaeilge ar Vaudeville’.
Tráthnóna greannmhar agus draíochtúil a bhí ann, le meascán de chleasaíocht agus contúirt!
Bhí go leor imeachtaí eile ar siúl sa chaife, i gcomhpháirt le Feachtas Thamhlachta, ar nós maisiú t-léine, péinteáil éadan, canadh agus siamsaíocht.
Ar an 4ú lá, tháinig Deiric Ó hArtagáin ó ‘Ireland AM’ ar cuairt is chuir sé agallamh ar Dawn Nic Íomhar, an t-Oifigeach Gaeilge le Gaelphobal Thamhlachta.
Labhair sé le Macdara de Paor chomh maith, múinteoir de chuid Scoil Maelruain, a bhí sa chaifé lena rang.
Chuir Macdara béim ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga a choimeád beo agus spraíúil.
Labhair Deiric le beirt pháistí ó Choiste Gaeilge na scoile, Aoife Fitzgerald agus Robert Clarke, a raibh scoth na Gaeilge acu.
Bhí ceol traidisiúnta beo leis an ngrúpa cheoil, ‘Cleachtadh’, chomh maith le siamsaíocht do pháistí ar Lá Féile Pádraig. Bhain gach éinne an-sult as, agus an áit dubh le daoine.
Na Gaelscoileanna
Bhí go leor imeachtaí ar siúl sna Gaelscoileanna, Scoil Santain, Scoil Chaitlín Maude, Gaelscoil na Giúise agus Coláiste de hÍde.
Ina measc bhí céilithe, tráth na gceisteanna agus ceolchoirmeacha.
Ar an Aoine, 15ú Márta, tháinig Deiric Ó hArtagáin ar ais go Tamhlacht le cuairt a thabhairt ar Scoil Santain.
Chuir sé agallamh ar an bPríomhoide, Róisín Nic Chearúil agus ar an Leas-Phríomhoide, Sinéad Ní Shúilleabháin faoin scoil bhreá sin.
Labhair sé leis na páistí, Molaí Ní Chonghaile, Mary Ní Bhraonáin, Charlie Penston, chomh maith le Kai Ó Cúrnáin Ó Buaigh a mhúin an Dreoilín dó!
An tAifreann Gaeilge
Bhí an tAifreann Gaeilge á cheiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig. Bhí slua breá ann agus Dóchas Linn Naomh Pádraig á chanadh go binn acu!
Rith trí Ghaeilge
Eagraítear rith páirce leis an eagraíocht, Tymon Parkrun, i bPáirc Thigh Motháin gach maidin Shathairn.
Bíonn neart Gaeilge le cloisteáil i gcónaí, le Gaeilgeoirí I measc an lucht eagraithe is na reathaithe araon.
Cinneadh go n-eagrófaí ócáidí ann mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana.
Chuige sin, tháinig trí eagraíocht Ghaeilge le chéile Dé Sathairn, ar an 9ú de mhí an Mhárta, chun páirt a ghlacadh sa pháirc reatha.
Ba iad sin Gaelphobal Thamhlachta, Baile Buadáin le Gaeilge, agus Glór Cheantar Naithí.
Cuireadh bricfeasta ar fáil do na reathaithe i gclubtheach Bhaile Buadáin Naomh Éanna ina dhiaidh. Deineadh go leor cairdis ar an lá is sinn ar fad ag cur aithne ar a chéile.
D’eagraigh Tymon Parkrun a rith féin trí Ghaeilge, an Satharn dar gcionn, ina raibh breis is céad duine páirteach ann. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i ngach áit ar an lá!
Le tuilleadh eolais a fáil faoin eagraíocht Gaelphobal Thamhlachta, a imeachtaí is a gníomhaíochta, is féidir sinn a leanúint ar Facebook, Insta agus Twitter nó buail isteach chuig Dawn Nic Íomhar, ár n-Oifigeach Forbartha Gaeilge, ag ‘Aon Scéal? Café’, 518 Sráidbhaile Thamhlachta Gluais
Seó ilteangach – multilingual show Greannmhar agus draíochtúil – funny and magical
Maisiú t-léine – t-shirt decoration Péinteáil éadan – face painting Canadh agus siamsaíocht – singing and entertainment
Agallamh – interview
Teanga – language
Spraíúil – fun
Ceol traidisiúnta – traditional music An tAifreann Gaeilge – Irish Mass Imeachtaí – events
Tráth na gceist – quiz Ceolchoirmeacha – concerts Prióireacht Mhuire – St. Mary’s Priory
Lá Fhéile Pádraig – St. Patrick’s Day Rith páirce – a parkrun
An lucht eagraithe – the organisers Na reathaithe – the runners
I measc na ngníomhaíochtaí – among the activities
Trí eagraíocht Ghaeilge – three Irish language organisations
Le tuilleadh eolais – for more information