
Seachtain na Gaeilge: Paráid na Féile Pádraig
Tá ullmhúcháin na bparáidí le haghaidh Lá Fhéile Pádraig, in Átha Cliath Theas, faoi lán seoil. Beidh na paráidí níos déanaí sa mhí agus ár naomhphátrún á cheiliúradh againn.
Ar ndóigh, beidh na paráidí seo go léir ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta, leis an bparáid do na ceithre cheantar ag tosú ag a 2i.n. i bPlásóga an Rátha i Ráth Cúil.
Rachaidh an pharáid tríd an sráidbhaile, thar Avoca, agus críochnóidh sé ag Club Naomh Mhuire i dTeach Sagard.
Beidh fear spóirt áitiúil a bhfuil gean air, Tony Rooney, mar Cheann Feadhna ar an bparáid. Tá baint mhór aige i gClub Peile, Ráth Cúil agus é mar phríomhchóitseálaí ar Réigiún an Oirthir de na Cluichí Oilimpeacha Speisialta.
Deir comhordaitheoir na paráide, Sharon Redmond, “Is é téama na bliana seo ‘Ár bPláinéad, Ár mBaile’. Iarraimid ar rannpháirtithe an téama seo a chur lena gcuid iontrála.”
“Mar is gnách, táimid á choimeád áitiúil agus pobalbhunaithe le béim na paráide ar ár bpáistí le grúpaí ag déanamh ionadaíochta ar GAA, sacar, rugbaí, clubanna óige, rince, gasóga, scoileanna agus naíonraí 7rl.”
“Thugamar cuireadh d’ionadaí, thar ceann dídeanaithe na n-Úcránach, in Óstán Iarthar na Cathrach, páirt a ghlacadh sa pharáid i mbliana.”
“Beidh roinnt nithe iontais ar an mbealach, chomh maith le nithe a thaitin go mór le daoine cheana, a fheiceáil ar ais i mbliana.”
Tosóidh paráid an tsráidbhaile, thall i Leamhcán, go díreach ag a 3 i.n. ag Hillcrest, trasna ó Tesco.
Rachaidh an pharáid trí Bhóthar Bhaile an Dodaigh, go seanbhóthar Chill Droichid, tríd an sráidbhaile, go Eaglais Naomh Mhuire, Bóthar Bhaile Adaim ó Courtney’s go dtí an N4 agus Cnoc an tSéipéil.
Beidh amhránaí agus aisteoir ó ‘Fair City’, Sorcha Furlong, mar Cheann Feadhna ar an bparáid.
Deir eagraí na paráide, Caroline Brady, “Tugann an pharáid deis d’eagraíochtaí pobail na rudaí a dhéanann siad a chur os comhair an phobail, go mór mór eagraíochtaí na bpáistí.”
“Lá iontach le himeachtaí don teaghlach ar fad atá mar aidhm ag an bparáid.”
“Is iontach an rud é fuinneamh bríomhar na bpáistí a fheiceáil ag an ardán leirmheasa i lár sráidbhaile Ráth Cúil, agus iad ag tabhairt taipeántais ar a scileanna rince, tai-chi, cruicéad, péil agus iomáint.”
“Chomh maith le sin, tá banna máirseála, ceol, péinteáil éadan, balúin 7rl. Craic iontach don lá agus é saor in aisce le tacaíocht ó Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, ó ghnóthaí i Leamhcán agus na Gardaí.”
Beidh rapálaí atá ag teacht chun cinn mar réalta, Sello, mar Cheann Feadhna ar an bparáid i gCluain Dolcáin. Cuirfear tús le himeachtaí sa sráidbhaile ag 2.30 i.n. leis an bparáid ag tosú ar Sheanbhóthar Nangair agus ag gluaiseacht ar aghaidh go Tuthills.
Tiocfaidh Seirbhísí Pobail Ghort na Silíní i mBaile Formaid le chéile le neart, éagsúlacht agus spiorad pobail a cheiliúradh le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.
Beidh sé seo an chéad pharáid i nGort na Silíní le blianta anuas – chuir pobal an cheantair fáilte roimh an gcinneadh seo agus é ag cur go dearfach leis an gceiliúradh i mbliana.
Deir an t-athair Michael Murtagh, sagart paróiste Ghort na Silíní, “Míle buíochas do na grúpaí pobail áitiúla agus gníomhaíochtaí ar fad a chur ar a gcumas an imeacht seo a reáchtáil.”
Cuirfear tús leis an bparáid ag Seirbhísí don Aos Óg Imeasctha Ghort na Silíní, Ionad Capaill, Gort na Silíní ag a 11 r.n. ar an gCéadaoin, 15 Márta, gluaisfidh sé síos Ascaill Ghort na Silíní ag spreagadh sonas ar an mbealach.
“Beidh an lá lán le dathanna, gáire, ceol, cultúr agus neart spiorad pobail.” A deir an t-athair Michael.
Mar sin féin, beidh Tamhlacht gan paráid ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana, tar éis díscaoileadh an coiste deonach a d’eagraigh é sna blianta roimhe seo.
For full access to all content on Echo.ie and to support the continuation of local news and local journalism in your community subscribe HERE. Thanks for your ongoing support.