
Dráma agus Siúlóid ‘Ar Thóir na Féinne’
By Pól Ó Meádhra
This week Pól Ó Meádhra, a teacher in Scoil Santain and member of Gaelphobal Thamhlachta, writes about a a specially created bilingual performance of the mytholicial story of Oisín i dTír na nÓg, which was presented in Tallaght and Glenasmole on March 11 for Seachtain na Gaeilge.
It was part of the year-long Rock to the Top art project by Ciarán Taylor which involves public walks every month from the Rua Red arts centre. Aisteoirí Thamhlachta performed the drama, devised by theatre director Ciarán Taylor.
Dráma agus Siúlóid ‘Ar Thóir na Féinne’
Bhí Aisteoirí Thamhlachta ar ais i ngníomh Dé Domhnaigh seo caite is d’éirigh thar cionn lena gcéad léiriú den dráma ‘Ar Thóir na Féinne’ le Ciarán Ó Tálúr.
Noel kelly playing the part of the old Oisín, Nollaig Ó Sceallaigh
Léiriodh an dráma mar chuid de thionscadal ealaíne poiblí Ó Charraig go Cairn. Is tionscadal é seo ina dtagann Pobal Átha Chliath Theas le chéile chun aithris a dhéanamh ar éacht Oisín, as Tír na nÓg, a chaith carraig mhór suas an sliabh, i nGleann na Smól, gar do Thamhlacht. Déantar é seo gach mí ar shiúlóid ina mbeireann na siúlóirí píosa beag de bhollán eibhir ó Rua Red le cairn a dhéanamh ag bun Chipiúr.
Rinneadh an dráma ar fad faoin aer, leis an gcéad radharc ag tús na siúlóide, is an dara is an triú radharc i nGleann na Smól, áit a mbíodh Fionn is na Fianna ag seilbh tráth. Ba sheans iontach é Gaeilge a úsáid ar shiúlóid bhreá ar Shlí Shléibhte Bhaile Átha Cliath.
Ba iad na haisteoirí a ghlac páirt ann ná Natasha Cantwell, Nollaig Ó Sceallaigh , Pól Ó Meadhra, Tomás Ó Maoilréanaí, Meabh Nic Ghiolla Mhuire agus Ciarán MacMathúna. Ba Ciarán Ó tálúir a bhí á stiúradh.
Natasha Cantwell and Pól Ó Meádhra
Tá sé i gceist ag Aisteoirí Thamhlachta an dráma a léiriú arís ar deireadh Mhí Mheithimh. Bí linn!
Foclóir (Dictionary)
Ar Thóir na Féinne - In Search of the Fianna
Ar ais i ngníomh - Back in action
Tionscadal ealaíne poiblí - Public arts project
Ó Charraig go Cairn - Rock to the Top
Pobal Átha Chliath Theas – People of South Dublin
Éacht - Feat
Bollán eibhir – A granite boulder
Ag seilbh – Hunting