Gleann an Smóil: Scéal an Cheantair agus na Teanga
Cumann drámaíochta: Aisteoirí Thamhlachta performing the play, ‘An Rí’ last September

Gleann an Smóil: Scéal an Cheantair agus na Teanga

Tá Gleann an Smóil (Glenasmole, “Valley of the Thrushes”) suite i gcroílár Shléibhte Bhaile Átha Cliath, timpeall is fiche ciliméadar ó dheas ón gcathair. Is áit í a bhfuil an Ghaeilge, chomh maith le stair shaibhir agus miotaseolaíocht fite fuaite le chéile.

Sa tseanchas, ba dhúiche sheilge é an gleann do Fhionn Mac Cumhaill agus na Fianna. Deirtear go dtéidís ar thóraíocht ann go minic.

Cuireann logainmneacha an cheantair i gcuimhne dúinn i dtaobh an traidisiún seo – Suidhe Fhinn (Seefin, “the seat of Fionn”) mar shampla, áit a ndeirtear gur shuigh an laoch féin tar éis dó an lá a chaitheamh ag seilg ann.

Is ábhar iontais é gur mhair an Ghaeilge i nGleann an Smóil i bhfad níos faide ná i mórchuid Chúige Laighean. Sa bhliain 1837, thug an scoláire agus cainteoir dúchais Eoghan Ó Comhraí (Eugene O ‘Curry) faoi deara:

“Bhí an Ghaeilge á labhairt ag cách os cionn daichead bliain d’aois, agus á tuiscint fiú ag an aos óg sa ghleann.”

Fiú i 1870, nuair a tógadh séipéal nua i mBóthar na Bruíne, ceantar atá in aice láimhe leis, tugadh an chéad seanmóir i nGaeilge – comhartha go raibh an teanga fós beo i measc na seanóirí áitiúla.

Ach tháinig laghdú géar ina dhiaidh sin. De réir dhaonáireamh 1901, níor chláraíodh oiread is aon chainteoir dúchais amháin sa cheantar. Bhí tionchar mór ag an scoil Bhéarla áitiúil, an imirce, chomh maith leis an mbrú cultúrtha i gcoitinne ar an aistriú teanga.

Cé gur imigh sí mar theanga phobail, mhair sí i bhfad ina dhiaidh sin trí cuimhní is scéalta na ndaoine. Tá sé suntasach chomh maith nach ndearnadh aon ghalldú in aon chor ar chuid mhaith de na logainmneacha ann, ar nós Allagour nó Aill a’ Ghabhair, mar a scríobhtar é i nGaeilge.

Sa lá atá inniu ann, Is féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge ag filleadh ar an ngleann. Cé nach cainteoirí dúchais iad, tá sciar maith den phobal a bhfuil líofacht bainte amach acu agus iad ag tabhairt na teanga don chéad ghlúin eile.

Chomh maith leis seo tá pobal Gaeilge beo bríomhar atá tar éis fás i dTamhlacht in aice láimhe, á spreagadh ag Gaelphobal Thamhlachta, atá ag obair anois ar stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach don cheantar.

Tá nasc láidir cruthaithe ag Gaelphobal Thamhlachta leis an ngleann chomh maith. Sampla maith de seo ná nuair a léiríodh an dráma, ‘An Rí’ le Pádraig Mac Piaras, anuraidh, i gcroílár an ghleanna, le hAisteoirí Thamhlachta, cumann drámaíochta an eagrais.

Is féidir a rá mar sin go bhfuil an Ghaeilge tar éis filleadh ar cheantar an ghleanna, ní trí ghlúin na seanóirí a bhí ann uair amháin, ach trí ghlúin nua atá ag fás aníos ann agus i dTamhlacht trí chéile. Insíonn sé dúinn gur féidir le teanga dul i léig ach gur féidir léi filleadh arís i bpobail is cruthanna éagsúla nua.

Foclóir

  • I gcroílár Shléibhte Bhaile Átha Cliath – in the heart of the Dublin Mountains
  • Stair shaibhir – a rich history
  • Miotaseolaíocht – mythology
  • Fite fuaite – intertwined
  • Sa tseanchas – in folklore
  • Dúiche sheilge – a hunting ground
  • Logainmneacha – placenames
  • Ábhar iontais – a source of amazement
  • Ag seilg – hunting
  • Scoláire – a scholar
  • Cainteoir dúchais – a native speaker
  • In aice láimhe – adjacent to
  • Laghdú géar – a sharp decline
  • Daonáireamh – census
  • Tionchar mór – a major influence
  • Imirce – emigration
  • Brú cultúrtha – cultural pressure
  • Teanga pobail – a community language
  • Cuimhní – memories
  • Scéalta – stories
  • Suntasach – remarkable
  • Galldú – Anglicisation
  • Líofacht – fluency
  • An chéad ghlúin eile – the next generation
  • Pobal Gaeilge beo bríomhar – a vibrant Irish language community
  • Cumann drámaíochta – a drama society
  • Dul i léig – wane
  • Pobail – communities
  • Cruthanna – shapes