
SnaG: Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht
Events include a park run in Tymon Park this Saturday, March 9, at 10.30am. People are invited to come along, meet new people and use their cúpla focal. Breakfast afterwards in Ballyboden St Enda’s
EAGRAÍTEAR rith páirce le Tymon Parkrun i bPáirc Thigh Motháin gach maidin Shathairn, le hatmaisféar cairdiúil agus breis is céad duine ag bogshodar is ag rith ann de ghnáth.
Bíonn neart Gaeilge le cloisteáil, le Gaeilgeoirí i measc an lucht eagraithe is na reathaithe araon.
I measc na ngníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge i mbliana, beidh trí eagraíocht Ghaeilge ag teacht le chéile Dé Sathairn, an 9ú de mhí an Mhárta, chun páirt a ghlacadh sa pháirc reatha seo.
Is iad sin Baile Buadáin le Gaeilge, Gaelphobal Thamhlachta agus Glór Cheantar Naithí. Beimid ag bualadh le chéile ag carrchlós an Tiníl @ 9.20.
Tiocfaimid le chéile ina dhiaidh do bhricfeasta i CLG Baile Buadáin Naomh Éanna, D16 A2F8
Más mian leat páirt a ghlacadh nó/agus tuilleadh eolais cuir r-phost chuig pobalnagaeilge@gmail.com.
Gluais
Rith páirce – a parkrun
Atmaisféar cairdiúil – A friendly atmosphere
Bogshodar – jogging
An lucht eagraithe – the organisers
Na reathaithe – the runners
I measc na ngníomhaíochtaí – among the activities
Trí eagraíocht Ghaeilge – three Irish language organisations Carrchlós an Tiníl – Limekiln Carpark
Páirt a ghlacadh – to take part Tuilleadh eolais – for more information
Café Aon Scéal
Beidh go leor imeachtaí ar siúl sa chafe ar nós maisiú t-léine, péinteáil aghaidhe, canadh agus siamsaíocht i gcomhpháirt le Feachtas Thamhlachta idir 12-3, Dé Domhnaigh 10/03.
Beidh ceol traidisiúnta beo le Cleachtadh Dé Domhnaigh idir 12-3, 17/03. Coinnigh súil ar a leathanach FB agus Insta do thuilleadh eolais.
Gluais
Maisiú t-léine – t-shirt decoration Péinteáil aghaidhe – face painting
Canadh agus siamsaíocht – singing and entertainment
An tAifreann Gaeilge
Bíonn an tAifreann Gaeilge ar siúl ar an dara Domhnach den mhí i bPrióireacht Mhuire de ghnáth. Beidh sé á cheiliúradh an mhí seo ar Lá Fhéile Pádraig ag a 9 r.n. Fáilte roimh chách!
Gluais
An tAifreann Gaeilge – Irish Mass
An dara Domhnach den mhí – the second Sunday of the month Prióireacht Mhuire – St. Mary’s Priory
Lá Fhéile Pádraig – St. Patrick’s Day
Fáilte roimh chách!- All are welcome!
Baile Buadáin le Gaeilge
Tá pobal láidir Gaeilge ag cumann CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna a thagann le chéile go rialta chun comhrá a dhéanamh i nGaeilge ag ócáidí sóisialta a eagraíonn Meitheal Oibre na Gaeilge, an coiste Gaeilge sa chlub.
Tá os cionn 20 ball gníomhach ar an gcoiste a eagraíonn imeachtaí rialta ar nós seisiúin Trad, Tráth na gCeist, ceolchoirmeacha, turais, léachtaí, campa samhraidh bliantúil agus ranganna amhránaíochta. Le haghaidh sceideal imeachtaí sna míonna amach romhainn seol ríomhphost chuig gaeilge@ballyboden.ie
Gluais
Pobal láidir Gaeilge – a strong Irish language community
CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna- Ballyboden St Endas GAA
Ócáidí sóisialta – social events Ball gníomhach – active members
Imeachtaí rialto – regular events Ceolchoirmeacha – concerts Tráth na gCeist – quiz Léachtaí – lectures
Campaí samhraidh – Summer camps
Sceideal imeachtaí – schedule of events