
Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht
Aon Scéal? Café
Beidh go leor imeachtaí ar siúl sa chafe ar nós ‘Oíche Gael Biongó’, an 13 Márta, ó 6.30 go 8.30.
Tabharfaidh cuid mhaith de scoileanna an cheantair cuairt air le linn na coicíse chomh maith.
Chomh maith leis seo beidh péinteáil aghaidhe, canadh agus siamsaíocht i gcomhpháirt le Feachtas Thamhlachta ar siúl ann.
Beidh ceol traidisiúnta beo le Cleachtadh Dé Domhnaigh idir 12-3, 02/03 agus Dé Sathairn, 08/03. Coinnigh súil ar a leathanach FB agus Insta do thuilleadh eolais.
Gluais
- Péinteáil aghaidhe
– face painting
- Canadh agus siamsaíocht
– singing and entertainment
- Ceol traidisiúnta
– traditional music
An tAifreann Gaeilge
Beidh an tAifreann Gaeilge á cheiliúradh Dé Domhnaigh, 9 Márta, ar a 9 r.n. i bPrióireacht Mhuire. Fáilte roimh chách!
Déanfar Bailiúchán Náisiúnta Chonradh na Gaeilge ndiaidh na nAifreann i bPrióireacht Mhuire ar Lá Fhéile Pádraig.
Gluais
- An tAifreann Gaeilge
– Irish Mass
- Prióireacht Mhuire
– St. Mary’s Priory
- Lá Fhéile Pádraig
– St. Patrick’s Day
- Fáilte roimh chách!
– All are welcome!
Rith trí Ghaeilge
Eagraítear rith páirce le Tymon Parkrun i bPáirc Thigh Motháin gach maidin Shathairn, le hatmaisféar cairdiúil agus breis is céad duine ag bogshodar is ag rith ann de ghnáth.
Bíonn neart Gaeilge le cloisteáil, le Gaeilgeoirí i measc an lucht eagraithe is na reathaithe araon.
Le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i mbliana, beidh reathaithe de chuid Bhaile Buadáin le Gaeilge in éineacht le reathaithe de chuid Ghaelphobal Thamhlachta ag teacht le chéile Dé Sathairn, an 8 Márta, chun páirt a ghlacadh ann.
Beifear ag bualadh le chéile ag carrchlós an Tiníl @ 9.20. Beidh Tymon Parkrun ag eagrú a rith féin trí Ghaeilge an Satharn dar gcionn ar an 15 Márta.
Gluais
- Rith páirce – a parkrun
- Atmaisféar cairdiúil
– A friendly atmosphere
- Bogshodar – jogging
- An lucht eagraithe – the organisers
- Na reathaithe – the runners
- I measc na ngníomhaíochtaí
– among the activities
- Carrchlós an Tiníl – Limekiln Carpark
- Páirt a ghlacadh – to take part
Feachtas Thamhlachta
Beidh ceardlann dornálaíochta ar siúl do pháistí an chlub, Dé Máirt, an 10 Márta.
Beidh Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas ar siúl an 13 Marta.
Gluais
- Ceardlann dornálaíochta
– a boxing workshop
- Craobhchomórtas – a final
- Tráth na gCeist – a quiz