Local history as Gaeilge with Pól Ó Meadhra
Nollaig Ó Sceallaigh, Éamon Breathnach, Tomás Ó Maoilréanaí agus Pól Ó Meadhra

Local history as Gaeilge with Pól Ó Meadhra

IS dráma amuigh faoin aer é ‘An Rí’ le Pádraig Mac Piarais a bheidh á léiriú ag Aisteoirí Thamhlachta ar Dhomhnach na Cásca i Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin ar 2.30.

Bígí linn le haghaidh eispéireas mealltach is sinn ag athléiriú ceann de na píosaí litríochta is spreagúla ó pheann an Phiarsaigh.

Bhí an Piarsach féin mar stiúrthóir air agus a dheartháir, Liam, mar dhuine de na príomh aisteoirí,  nuair a léiríodh den chéad uair é sa bhliain 1912, ar fhearann Scoil Éanna, mar a bhfuil Músaem na bPiarsach suite sa lá atá inniu ann.

Is é Ciaran McMahon, fear de bhunú Ghleann na Smól, atá mar stiúrthóir air an uair seo.

Tá ‘An Rí’ suite sna meánaoiseanna ina bhfuil coimhlint mhorálta a bhaineann le Rí urchóideach ‘a dhoirt fuil na neamhchiontach is a ghéarlean na boicht, a thréig múintear Dé is a chuaigh i gcairdeas Meirleach’.

Éamonn Galdubh, Lorcán Mac Mathúna agus Martin Tourish

Ar deireadh, glacann buachaill óg, ‘Giolla na Naomh’,  á áit is téann sé i gcomhrac in aghaidh namhaid  a mhuintire. Cé go mbuaitear an cath, cailltear ann é.

Tá 11 aisteoir san iomlán bainteach leis, lena n-áirítear cúigear déagóirí agus seisear daoine fásta. Chomh maith leis, beidh triúr ceoltóirí, Lorcán Mac Mathúna, Éamon Galdubh agus Martin Tourish  ag cur ceoil nuachumtha leis an dráma ar an lá.

Léirigh Aisteoirí Thamhlachta é anuraidh i nGleann na Smól i bpáirc de chuid fheirmeoir áitiúil, Donie Anderson, is d’éirigh thar cionn leis ag an am.

Is dáta don dialann é seo le haghaidh lá lán de stair, cultúr agus inspioráid!

Tuilleadh eolais ag Gaelphobal Thamhlachta/Facebook.

Ticéid ar fáil ar Eventbrite

Éamonn Galdubh, Lorcán Mac Mathúna agus Martin Tourish

‘The King’ by Pádraig Pearse, performed by Aisteoirí Thamhlachta, is a must-see outdoor drama on Easter Sunday at the Pearse Museum, from 2.30 to 3.30 p.m.

Join us for a captivating experience as we reproduce one of the most inspiring pieces of literature from the pen of the legendary Pearse.

Mark your calendars and come join us for a day filled with history, culture, and inspiration!

For more information see Gaelphobal Thamhlachta/Facebook.

Tickets available on Eventbrite.

TAGS
Share This