Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht
A number of events are being held in Café Aon Scéal in Tallaght Village (Image: Aidan O'Neill)

Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht

Pól Ó Meadhra, Cathaoirleach/Chairperson, of Gaelphobal Thamhlachta writes as Gaeilge and as Bearla on local celebrations for Seachtain na Gaeilge. 

TÁIMID ar fad ag súil go mór le Seachtain na Gaeilge 2023 i dTamhlacht, agus an Coróinvíreas curtha taobh thiar dínn  faoi dheireadh, tá go leor beartaithe againn!

Seo a leanas cuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl;

‘Saor ó Teic’ i gCafé Aon Scéal, Dé Sathairn, 04/03 ó 12 -3 i.n.

Siúlóid staire dhátheangach faoi stiúir Thomás Ó Meachair, ag tosú ó Leabharlann Thamhlachta, Dé Sathairn, 04/03, @2.30 i.n.

Ciorcal Ceoltóirí i gCafé Aon Scéal, le sólaistí agus péinteáil aghaidhe do pháistí, Dé Sathairn, 11/03, 12-3 i.n.

Oíche shóisialta i gCafé Aon Scéal, Déardaoin, 16/03, 7- 9.30 i.n.

An tAifreann Gaeilge á cheiliúradh ar 9 r.n. i bPrióireacht Mhuire, ar Lá Fhéile Pádraig.

Beidh ana chuid scannáin Ghaeilge á dtaispeáint sa cheantar, le  Róise agus Frank agus Amhrán na Mar i bPictiúrlann na Cearnóige.

Taispeánadh an Cailín Ciúin, i Leabharlann Thamhlachta, tráthnóna inné. Is  scannán é seo a bhfuil an t-uafás gradaim idirnáisiúnta buaite aige agus atá ainmnithe anois do ghradam Oscar ag an 95ú Gradaim Acadaimh!

Beidh na céadta páistí  ó na scoileanna áitiúla ag dul ar thuras go Café Aon Scéal le linn na coicíse chomh maith!

Bíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl gach lá den bhliain sa chafé bríomhar seo, atá suite i gcroí lár Shráidbhaile Thamhlachta, ag 518, an Phríomhshráid.

Tá sé ag dul ó neart go neart agus é ar oscailt gach lá den tseachtain. Fuair an café trí bhonn óir ón scéim ghnó, Gradaim Gnó na hÉireann le déanaí dá Chomharthaíocht, Mhargaíocht agus Sheirbhís.

Pól Ó Meadhra (Image: Aidan O’Neill)

Tá rath ar an nGaeilge le fada i gceantar Thamhlachta le Gaelscolaíocht bhríomhar, a chuireann Scoil Santain, Scoil Chaitlín Maude agus Coláiste de hÍde ar fáil, rud a thugann eispéireas saibhir oideachais sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas araon.

Cuireann club óige Feachtas Thamhlachta leis seo, a thagann le chéile gach tráthnóna Dé Luain i Scoil Santain ó 6.30 go 8 p.m., do pháistí idir 9 agus 17 mbliana.

Tá oideachas Gaeilge tríú leibhéal ann anois freisin, An Dioplóma sa Ghaeilge, cúrsa de chuid Ollscoil na Gaillimhe, atá ar siúl san Ionad Ghaelphobal Thamhlachta, Sráidbhaile Thamhlachta.

Le tuilleadh eolais i dtaobh na ngníomhaíochtaí agus  n-imeachtaí seo agus Gluaiseacht na Gaeilge sa cheantar, coinnigh súil ar  mheáin shóisialta Ghaelphobal Thamhlachta agus Café Aon Scéal – táimid ar fáil ar Facebook.

As Bearla 

We are all looking forward to Seachtain na Gaeilge in Tallaght  and with the Coronavirus finally behind us we have a lot planned!

Here are some of the events due to take place;

-‘Saor ó Teic’, Café Aon Scéal, Saturday, 04/03, from 12 -3 p.m.

A bilingual history tour led by Tomás Ó Meachair, starting from Tallaght Library on Saturday, 04/03 @ 2.30 p.m.

A trad session , Café Aon Scéal, with light refreshments and face painting for children, Saturday, 11/03, 12-3 p.m.

A social evening, Café Aon Scéal, Thursday, 16/03, 7-9.30 p.m.

Mass as Gaeilge, St. Mary’s Priory, 9am, St Patrick’s Day.

There will be a number of Irish language films shown, such as Róise agus Frank and Amhrán na Mara at the Square Cinema.

An Cailín Ciúin was also shown  at Tallaght Library earlier this week. This is a film that has won several  international awards.

It is also now the first Irish language film ever nominated for an Oscar at the 95th Academy Awards!

There will be over 500 pupils from  the local schools visiting Café Aon Scéal during the fortnight.

Every week is Seachtain na Gaeilge in this vibrant café, located in the heart of Tallaght Village, 518 Mainstreet.

Open everyday of the week, it is going from strength to strength. It has recently won three awards in the inaugural Gradaim Gnó na hÉireann, business scheme, for Signage, Marketing and Service.

The Irish language is thriving in the Tallaght area with vibrant Gaelscolaíocht, provided by Scoil Santain, Scoil Chaitlín Maude and Coláiste de hÍde, giving a rich educational experience in both primary and secondary level.

This is further supplemented by the Feachtas Thamhlachta youth club, which meets every Monday evening in Scoil Santain from 6.30 to 8 p.m., for children between 9 to 17 years.

There is also now a third level programme, An Dioplóma sa Ghaeilge, a course of University of Galway, ongoing in the Ionad Ghaelphobal Thamhlachta, Tallaght Village.

For more information on these activities and events and the Irish language movement in the Tallaght area, you can follow Gaelphobal Thamhlachta and Café Aon Scéal on Facebook.

TAGS
Share This