Seachtain na Gaeilge: Paráid Chluain Dolcáin
Mharascal ar pharáid Chluain Dolcáin Tommy Keogh

Seachtain na Gaeilge: Paráid Chluain Dolcáin

I mbliana beidh Tommy Keogh mar Mharascal ar pharáid Chluain Dolcáin Lá le Pádraig. Tá aithne mhaith ar Tommy mar gheall ar an obair dheonach atá idir láimhe aige i gCluain Dolcáin le blianta beaga anuas. Bronnadh aitheantas speisialta ar Mr Keogh i 2018, Oibrí Deonach na Bliana Átha Cliath Theas.

“Tá Tommy i gcroílár phobal Chluain Dolcáin mar dheonaí le os cionn 60 bliain”, a deir Cllr Francis Timmons. “Ó thosaigh Tommy amach mar dhuine óg ag imirt le Cumann an Chloigthí, tá seirbhís dílis tugtha aige mar imreoir, mar bhainisteoir,  mar oifigeach, agus mar Uachtarán (2014-2016) sa Chumann, agus bronnadh Dámhachtain na Laoch air ón gcumann i 2002.

“Thar na mblianta ghlac Tommy na céadta grianghraf de fhoirne, de chluichí agus d’imeachtaí sa chumann.

“Chomh maith le sin mar ghrianghrafadóir don nuachtáin ‘Clondalkin People’ agus nuachtlitir an pharóiste, rinne sé taifead ar go leor imeachtaí stairiúla i gCluain Dolcáin.”

“Bhí Tommy lárnach i mbunú eagrais dheonacha sa sráidbhaile. Cumann Ceamara Chluain Dolcáin (1988), Cumann na mBailte Slachtmhara Chluain Dolcáin (2012), Grúpa Oidhreachta an Túr – Cluain Dolcáin (2012), Cairde an Camóige (2017). Cumainn bríomhar a chuireann go mór le saol an phobail i gCluain Dolcáin.”

“D’oibrigh Tommy sa Mhuileann páipéir i gCluain Dolcáin le os cionn 25 bliain go dtí 1982 nuair a dhún an muileann. Tá a chuid bailiúcháin de scéalta agus ghrianghraf mar chuid lárnach de stair i dtogra Leabharlanna Átha Cliath Theas, www.irishlifeandlore.com (2014).”

“Bhí daoine iontacha againn mar Mharascal ar Pharáid Chluain Dolcáin thar na mblianta cosúil le Mary Kennedy, Colm Gavin, Phillip & Gemma Carr, Mary Dardis agus anois Tommy Keogh.”

“Má tá spéis ag aon duine cuidiú leis an bparáid i gCluain Dolcáin is féidir leo clárú linn ag www.clondalkinstpatricksfestival.ie, “ a deir Cllr Francis Timmons.

Brenda agus Beth, The Echo, Lá le Pádraig 2018

Paráid na 4 Dúiche i Ráth cúil.

Níl ach seachtain le dul, agus tá daoine ag réitiú do Pharáide Lá le Pádraig agus beidh Louis Fitzgerald mar Mharascal ar Pharáid na 4 Dúiche i 2022 ina mbeidh grúpaí páirteach ó phobal Ráth cúil, Teach Sagard, Baile Briotás agus Caisleáin Nua.

Tá aithne mhaith ar Louis mar óstóir agus úinéir de Louis Fitzgerald Group, gur leo os cionn 19 de thithe tairbhe, bialanna agus óstáin i mBaile Átha Cliath, a bhéas mar Mharascal i mbliana.

“Tá ag éirigh go maith lena hullmhúcháin agus an-spéis ón bpobail, gach duine an-sásta a bheith ar ais i mbliana,” a deir Sharon Redmond, eagraí Paráid na 4 Dúiche.

“Bhí cuid mhaith de ghrúpaí ón gceantar i dteagmháil linn. Tá 3 chumann móra againn sa cheantar – Naomh Mhuire, Na Tráchtálaí agus Cumann Peile Ráth cúil ag ullmhú don pharáid.

“Beidh gnóthaí áitiúla páirteach ann, agus beidh cúpla taispeántas nua chomh maith leis na sean cinn.”

Tá daoine ag súil go mór leis an bparáid ar an 17 Márta a deir Sharon.

Paráid Leamhcán

Thall i Leamhcán beidh paráid ann chomh maith i mbliana, beidh muintir Leamhcán ag ceiliúradh 30 bliain agus cinnte go mbeidh radhairc iontacha le feiceáil ar an lá.

TAGS
Share This