

Local news as Gaeilge with Pól Ó Meadhra: Feachtas Thamhlachta: Deich mBliana ag Fás agus Campa Samhraidh 2025
Bunaíodh Feachtas Thamhlachta sa bhliain 2015 le fís shoiléir – tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den scoil, agus pobal bríomhar Gaeilge a fhorbairt sa cheantar.
Ó shin i leith, tá obair dhúthrachtach déanta ag an eagraíocht sa cheantar, trí imeachtaí sóisialta, spraíúla agus cultúrtha a reáchtáil don aos óg, le ceardlanna, turais, comórtais, siúlóidí urraithe, glanadh páirce agus campaí samhraidh.
Tá áthas orainn a rá go bhfuil an-tóir ar an gCampa Samhraidh gach bliain agus i mbliana ní haon eisceacht é – tá an campa atá le bheith ar siúl i mí Lúnasa lán go béal cheana féin!
Beidh Campa Samhraidh Feachtas Thamhlachta 2025 ar siúl i rith an dara seachtain de Lúnasa i Scoil Santain, Gaelscoil atá suite ar Bhóthar na hAbhann Móire, a gcuireann fáilte croíúil roimh an gclub óige a bhuaileann le chéile ann gach tráthnóna Luain.
Tugann an campa deis do pháistí idir 8 agus 14 bliain d’aois an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht spreagúil agus taitneamhach ina mbíonn cluichí, ceardlanna, amhránaíocht, damhsa, spórt agus go leor eile ar siúl.
Tá muid iontach buíoch den phobal áitiúil as an tacaíocht leanúnach a thugann siad dúinn, agus gan amhras, is toradh í an líon ard clárúchán ar an obair a rinneadh thar na blianta anuas.
Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Danny Brady, feighlí Scoil Santain, as an gcúnamh agus an tacaíocht leanúnach a thugann sé dúinn. Déanann sé cinnte go mbíonn gach rud réidh don chlub agus go mbíonn an áit glan, sábháilte agus fáilteach do na páistí agus na ceannairí. Is cuid lárnach é Danny de rath an chlub agus tá muid fíorbhuíoch dó.
Freisin, tá buíochas mór tuillte ag Róisín Ní Chearúil, príomhoide Scoil Santain, as a flaithiúlacht agus a solúbthacht i gcónaí. Gan tacaíocht na scoile agus na foirne, ní bheadh an club óige féin in ann dul ar aghaidh mar a dhéanann sé.
Tá Scoil Santain mar lárionad na Gaeilge i dTamhlacht le blianta fada, agus is iontach an rud é a fheiceáil an chaoi a bhfuil an nasc idir an scoil agus an pobal á neartú tríd an gcampas seo.
Ag féachaint siar ar na deich mbliana atá caite, tá athrú suntasach tagtha ar staid na Gaeilge i dTamhlacht.
Bhí na chéad chúpla bliain dúshlánach, ach le díograis na ndaoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí agus oibrithe deonacha, tá pobal bríomhar Gaeilge tagtha chun cinn a mhaireann go láidir inniu.
Tá sé tábhachtach freisin a lua gur fhorbair roinnt iar-rannpháirtithe Feachtas a spéis sa Ghaeilge go leibhéal gairmiúil – tá daoine anois ag obair mar mhúinteoirí, mar aisteoirí le hAmharclann na nÓg, agus mar threoraithe campaí – sampla soiléir den tionchar fadtéarmach a bhíonn ag eagraíochtaí cosúil le Feachtas ar an aos óg.
Táimid ag súil go mór leis an gcampa i mí Lúnasa, agus cé nach bhfuil áiteanna fágtha i mbliana, moltar do thuismitheoirí féachaint chuige go gcláraíonn siad go luath an bhliain seo chugainn. Chomh maith leis seo, beidh an club óige féin ar ais i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh mar a bhfuil dhá ghrúpa ann anois da bharr an éilimh.
Go maire Feachtas Thamhlachta blianta fada eile ag cur na Gaeilge chun cinn le fuinneamh, le spraoi agus le pobal bródúil ina dhiaidh!