Seachtain na Gaeilge anseo i dTamhlacht  gach uile sheachtain den bhliain

Seachtain na Gaeilge anseo i dTamhlacht gach uile sheachtain den bhliain

Bhí céiliúradh á dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge go náisiúnta le coicís anuas, ach le bheith fírinneach bíonn Seachtain na Gaeilge  anseo i dTamhlacht gach uile sheachtain den bhliain, scríobhann Pól Ó Meadhra.

Tá an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’ le cloisteáil go láidir sa cheantar seo!

Pol 03 1

Pól Ó Meadhra, taobh amuigh Aon Scéal Café, Sráidbhaile Thamhlachta

Bunaíodh an eagraíocht Gaelphobal Thamhlachta nach mór deich mbliana ó shin le pobal na Gaeilge sa cheantar a láidriú agus a chur chun cinn. Le linn na tréimshe sin cuireadh go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le níos mó deiseanna a thabhairt don phobal sa cheantar an teanga a labhairt.

I measc na n-imeachtaí bhí oícheanta sóisialta, ciorcail chomhrá, drámaíocht, siúlóidí clainne agus an tAifreann Gaeilge. Ba mhinic go raibh scéalta maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTamhlacht le feiceáil ar TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life, maraon leis na meáin chumarsáide áitiúla.

Tá an club óige Gaeilge, Feachtas Thamhlachta, ar an bhfód ó 2015 anall, is  ag dul ó neart go neart ó shin i leith, faoi stiúir a bainisteora, Loretta Ní Churraighín. 

Bíonn imeachtaí agus turais á n-eagrú go rialta ag an gclub. Téann na páistí faoi stiúir na gceannairí go hionaid eachtraíochta, maraon le himeachtaí sóisialta, céardlanna, ealaín, spórt agus cóisirí.

Bíonn campaí samhraidh den chéad scoth a reachtáil chomh maith. Ó tháinig an phaindéim COVID-19 chun cinn tá an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ar siúl ar líne, fiú an campa samhraidh! Buaileann an club óige le chéile  gach tráthnóna Luain ar líne chomh maith.

Le tuilleadh eolais  a fháil faoin gclub iontach seo téigh go feachtas.ie nó glaoigh ar 01 8656758/087 9046136. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí!

Osclaíodh an caifé dátheangach, Aon Scéal Café, atá lonnaithe ag 518  Sráidbhaile Thamhlachta, ag tús mhí na Nollag 2019.

Tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith agus é ar oscailt gach lá den tseachtain le foireann óg bhríomhar, ar iar scolairí  na nGaelscoileanna áitiúla iad.  Tá sé dúnta faoi láthair de dheasca na paindéime faraor ach tá súil ag an mbainisteoir, Dawn McKeever, go mbeidh sé ar oscailt in athuair nuair a mhaolófar ar na srianta. Idir an dá linn tá cochaill is geansaithe ar díol ag an gcaifé ar 25 Euro an ceann le 9 Euro don chostas poist. 

Is féidir iad a ordú ach glaoch ar 085 2772873 nó r phost a chur chuig aonscealcafe@gmail.com. 

Má tá tuilleadh eolais uait agus más mian leat teagmháil a dhéanamh linn táimid ar fáil ag Gaelphobal Thamhlachta/Facebook, maraon le bheith ar an gcóras giolcaireachta.

Foclóir

Pobal na Gaeilge – Irish language community.

Imeachtaí agus gníomhaíochtaí – events and activities.

Na meáin chumarsáide – the media

Club óige Gaeilge – Irish language youth club.

Bainisteoir – manager.

Foireann óg bhríomhar – young, energetic staff.

Cochaill agus geansaithe – hoodies and sweaters.

An Córas Giolcaireachta – Twitter

By subscribing to The Echo you are supporting your local newspaper Click Here: Echo Online.

TAGS
Share This