
Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht
Mar chuid de Seachtain na Gaeilge na bliana seo, tá clár saibhir fáilteach curtha le chéile ag Gaelphobal Thamhlachta chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh i gcroílár Thamhlachta.
Go deimhin, is Seachtain na Gaeilge gach seachtain in Aon Scéal? Café agus Gael-Ionad Thamhlachta trí chéile, mar go bhfuil an teanga beo bríomhar ann i gcaitheamh na bliana.
Cuirfear tús leis na himeachtaí ar an Domhnach, an 8 Márta, le hAifreann Gaeilge ag 9 r.n. i bPrióireacht Mhuire, Sráidbhaile Thamhlachta.
Tugann an tAifreann seo deis do phobal na Gaeilge teacht le chéile i spiorad machnaimh agus comhluadair.
Ar an Domhnach, an 15 Márta, idir 12 agus 2 i.n., beidh “Tae beag le spraoi” ar siúl in Aon Scéal? Café, ócáid shuaimhneach chairdiúil don teaghlach, lán le comhrá, cluichí agus craic. Beidh fáilte roimh chách, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.
Ar Lá Fhéile Pádraig féin, beidh Aon Scéal? Café ar oscailt ó 11 r.n. go 3 i.n., ag cur fáilte roimh an bpobal le haghaidh sólaistí agus comhrá. I rith Sheachtain na Gaeilge, tabharfaidh roinnt ranganna ó scoileanna áitiúla, an Ghaelscoil rathúil Scoil Santain ina measc, cuairt ar an gcaifé chun blaiseadh a fháil den phobal bríomhar Gaeilge atá ann.
Leanann ranganna Gaeilge gach maidin Shathairn sa chaifé ó 10 go 11 r.n. Is é €7 an costas, agus tá cupán tae nó caife san áireamh. Cuireann na ranganna neamhfhoirmiúla seo timpeallacht chairdiúil ar fáil do fhoghlaimeoirí chun muinín agus líofacht a fhorbairt.
Da bharr an éilimh mhóir, cuirfidh Aisteoirí Thamhlachta Uaigneas an Ghleanna, an t-aistriúchán Gaeilge ar The Shadow of the Glen le J. M. Synge, ar stáitse arís ar an Satharn, an 21 Márta.
Osclófar na doirse ag 6.40 i.n., agus beidh ceol agus amhránaíocht ó Lorcán Mac Mathúna agus Éamon Galldubh mar chuid den oíche speisialta seo.
Tá ticéid ar fáil le ceannach ar Eventbrite, agus tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook Aisteoirí Thamhlachta.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí seo ar fad, féach ar mheáin shóisialta Ghaelphobal Thamhlachta, Facebook, Instagram agus eile, agus bí linn ag ceiliúradh ár dteanga bheo.
As part of this year’s vibrant Seachtain na Gaeilge, Gaelphobal Thamhlachta has planned a rich and welcoming programme of events celebrating the Irish language and culture in the heart of Tallaght. In truth, every week in Aon Scéal Café is Seachtain na Gaeilge, as the language lives and thrives there all year round.
The celebrations begin on Sunday, 8th of March, with an tAifreann Gaeilge at 9 a.m. in St. Mary’s Priory. This Irish-language Mass offers a reflective and communal start to the festivities, bringing together speakers and learners of all ages in a shared spiritual experience.
On Sunday, the 15th of March, from 12 to 2 pm, Aon Scéal Café will host “Tae beag le spraoi”, a relaxed and family-friendly gathering filled with conversation, cluichí agus craic. It promises laughter, connection and plenty of opportunities to use whatever Irish you have in a supportive atmosphere.
St Patrick’s Day itself will see Aon Scéal? Café open its doors from 11 a.m. to 3pm., welcoming the community for refreshments and conversation. Throughout Seachtain na Gaeilge, several classes from local schools, including the thriving Gaelscoil, Scoil Santain, will visit the café, experiencing first-hand the warmth of a living Irish-language community space.
Irish classes continue every Saturday morning in the café from 10–11 a.m. The cost is €7, which includes a cupán tae or coffee from the café. These informal classes cater to a range of abilities and provide a friendly environment for learners to build confidence and fluency.
Due to popular demand, Aisteoirí Thamhlachta will restage Uaigneas an Ghleanna, the Irish translation of The Shadow of the Glen by J. M. Synge, on Saturday the 21st of March. Doors open at 6.40 p.m., with accompanying music and singing by Lorcan Mac Mathúna and Éamon Galldubh adding to the cultural richness of the evening. Tickets are available for purchase on Eventbrite, and further details can be found on Aisteoirí Thamhlachta’s Facebook page.
For more information on all of these events and activities, be sure to follow Gaelphobal Thamhlachta on social media, Facebook, Instagram and beyond, and join in celebrating our living language.
