Seachtain na Gaeilge: Lá Féile Pádraig i Átha Cliath Theas
Baill ó Cumann an Chloigthí, CLG ag an pharáid i gCluain Dolcáin anuraidh

Seachtain na Gaeilge: Lá Féile Pádraig i Átha Cliath Theas

Paráid Chluain Dolcáin

Beidh Hannah Tyrrell, an réalta spóirt áitiúil, mar Cheann Feadhna ar an bparáid i gCluain Dolcáin 2024.

D’imir Hannah rugbaí le foireann idirnáisiúnta na hÉireann, agus chomh maith le sin bhuaigh sí laoch na himeartha i gCraobh Peile na mBan i gcoinne Ciarraí i 2023. Fuair Tyrrell ocht gcúilín do Bhaile Átha Cliath sa chéad leath i mí Lúnasa anuraidh, craobh a bhuaigh Átha Cliath 0-18 go 1-10.

Is í vóta poiblí a roghnaigh Ceann Feadhna do Pharáid Chluain Dolcáin i mbliana. Bhí go leor iarrthóirí san iomaíocht le bheith mar Ceann Feadhna i gCluain Dolcáin, paráid atá ag dul ó neart go neart ó athbheoite an paráid siar I 2014.

Dúirt eagraí an fhéile agus comhairleoir ó Chluain Dolcáin Francis Timmons (Ind) ‘Tá áthas orm mar chathaoirleach ar choiste Paráide Chluain Dolcáin a fhógairt go mbeidh Hanna Tyrrell mar Cheann Feadhna i 2024. Rugadh agus tógadh Hannah i gCluain Dolcáin.

Bhuaigh sí bonn na hÉireann I 2023 le foireann Átha Cliath, agus l laoch na himeartha an lá sin. D’imir sí chomh maith le foireann idirnáisiúnta na hÉireann i Rugbaí. Go dtí cúpla bliain ó shin bhí sí lárnach I bhfoireann peile na mban sna Cloighthí.

Tacaíonn Hannah le Pieta House, ag éirigh as a gcuid dúshláin le meabhairshláinte nuair a bhí sí ina déagóir. Is iontach na rudaí atá bainte amach aici ó shin. Is dea-shampla í do chailíní óga agus páistí i gcoitinne’, a dúirt Cllr Timmons.

Paráid i Leamhcán

Beidh paráid an tsráidbhaile, thall i Leamhcán, ag a 3 i.n. Lá le Pádraig, Domhnach 17ú Márta.

Beidh cúl báire do fhoireann sinsear Átha Cliath agus Lucan Sarsfields CLG, Abby Shiels, mar Cheann Feadhna ar an bparáid. Bhuaigh Abby ‘ZuCar Golden Glove’ i 2023. Chomh maith le sin bhuaigh sí Sárimreoirí Peile na Bliana I 2023, an onóir is mó gur féidir a bhaint amach i bPeil na mBan. Is iontach na gaiscí atá bainte amach ag Abby agus is dea-shampla í do gach duine óg I Leamhcán atá spéis acu spóirt a imirt.

Tiocfaidh gach duine le chéile chun tús a chur leis an bparáid ag Bóthar na Páirce Glaise / Páirc Westbrook / Clós Mhullach an Chnoic (in aice le Tesco) ó 2.ooi.n., iarratas ar gach duine  a bheith in áit roimh 2.30i.n.

Tosóish an paráid ag 3.00i.n. ar aghaidh síos Bóthar Bhaile an Dodaigh, faoin N4 chuig Bóthar Léim an Bhradáin, thar McDonalds, agus ar aghaidh chuig ‘The Bally Alley Pub; agus isteach go sráidbhaile Leamhcán, casadh ar chlé ag Courtneys, thar an seastán a bhéas taobh amuigh de Halla Muintir na Tíre, tríd an sráidbhaile thar Ambasáid an Iodáil. Tógfaidh sé thar faoi dhá uair choig.

Paráid na Ceithre Dúiche  – Ráth Cúl, Teach Sagard, An Briotás agus An Caisleáin Nua Beidh Pete ‘The Builder’ Finn ó RTÉ mar Cheann Feadhna ar an bparáid a bhéas ag tosú ag 1.30i.n. ó  Plásóga an Rátha ar aghaidh tríd an sráidbhaile, thar Avoca, isteach chuid sráidbhaile Teach Sagard agus a críochnaíonn ag CLG Naomh Muire. Beidh os cion 20 grúpa ag glacadh páirt i mbliana. Tá Paráid na Ceithre Dúiche ag rith ó 2006.

Check out times and locations of local parades HERE

TAGS
Share This