Seachtain na Gaeilge: Pobail ag Ceiliúradh Lá le Pádraig i gCluain Dolcáin, Leamhcán agus na Ceithre Dúiche
Naomh Padraig i gCluain Dolcáin

Seachtain na Gaeilge: Pobail ag Ceiliúradh Lá le Pádraig i gCluain Dolcáin, Leamhcán agus na Ceithre Dúiche

‘Paráid na Ceithre Dúiche  – Ráth Cúl, Teach Sagard, An Briotás agus An Caisleáin Nua

Tá paráid na Ceithre Dúiche ag feidhmiú le 17 mbliain anois’ a deir eagraí an paráid le háthas, Sharon Redmond.

Is í Eileen Coyne ó Ráth Cúl agus Martin Brady ó Teach Sagard  a bhéas mar cheann Feadhna, beirt a bhí lárnach sa chéad paráid siar i 2006.

Tosóidh an paráid I mbliana ag  1.30i.n. ó  Plásóga an Rátha ar aghaidh tríd an sráidbhaile, thar Avoca, isteach chuid sráidbhaile Teach Sagard agus a críochnaíonn ag CLG Naomh Muire. Bígí linn.

Paráid Chluain Dolcáin

I mbliana beidh os cionn 26 taispeántais sa pharáid I gCluain Dolcáin ina measc Rinceoir Gaelacha, HipHop, grúpaí ó Cumann an Chloightí, na gasóga ó St Killiains chomh maith le Banna Ceoil Óige Chluain Dolcáin, Banna Píb Naomh Iósaf, agus Banna Ceoil Scoil Iósaf. Thosaigh an paráid ar ais I gCluain Dolcáin 10 mbliain ó shin faoi chúram agus stiúir an Comhairleoir Francis Timmons.

Is é Thyes Kavanagh a bhéas mar Cheann Feadhna, bíonn Thyes, ó Chluain Dolcáin ó dhúchas, sáite in imeachtaí don phobail ar fud fad Chluain Dolcáin le blianta fada. Is beag  a tharla I gCluain Dolcáin le 45 bliain anuas nach raibh Thyes páirteach ann. Ar an stáitse leis beidh siamsaíocht ó Colm Gavin agus a chairde ó Áras Chrónáin agus  DJ Joey Howe. Beidh aonach siamsaíochta ó K&G Funfair ann chomh maith.

Tá buíochas speisialta ag dul do Masseys as ucht carr a chur ar fáíl don Cheann Feadhna agus Ronnie Griffith as carr a chur a r fáil do Naomh Pádraig.

Tosóidh an paráid ag 2.30p.m. i gCluain Dolcáin, la mór don chlann ar fad.

 Paráid i Leamhcán

Beidh fáilte speisialta roimh Little Blue Heroes a bhéas mar Cheann Feadhna ar Pharáid Leamhcán i mbliana. Is carthanacht ar leith iad Little Blue Heros a thugann díreach nó go hindíreach chuig teaghlaigh tríd a gcuid gníomhaíochtaí.

Tosóidh an bparáid ag Bóthar na Páirce Glaise / Páirc Westbrook / Clós Mhullach an Chnoic (in aice le Tesco) ó 2.30i.n.,iarratar ar gach duine a bheith in áit roimh 1.30i.n

Áit maith chun an paráid a fheiceáil ná Bóthar Bhaile an Dodaigh, faoin N4 chuig Bóthar Léim an Bhradáin, thar McDonalds, AIB/Stáisiúin na nGardaí, agus sráidbhaile Leamhcán.Tógfaidh sé thar faoi dhá uair choig.

TAGS
Share This