AthGhaelú: Logainmneacha na hÉireann a Thabhairt Ar Ais sa Saol Laethúil

AthGhaelú: Logainmneacha na hÉireann a Thabhairt Ar Ais sa Saol Laethúil

TÁ BORRADH mór tagtha faoin spéis sa Ghaeilge in Éirinn le blianta beaga anuas, by Pól Ó Meadhra.

Tá níos mó daoine á foghlaim ná riamh, tá fás ag teacht ar na meáin Ghaeilge, agus tá daoine óga ag úsáid na Gaeilge níos minice ar líne agus sa ghnáthshaol.

Ceann de na hiarrachtaí is nuaí a bhaineann leis an athbheochan seo ná AthGhaelú, feachtas a sheol Conradh na Gaeilge le déanaí a spreagann daoine chun na leaganacha Gaeilge de logainmneacha a úsáid in áit na leaganacha Béarla a tháinig chun cinn thar na blianta.

Tá an feachtas seo is déanaí de chuid an eagrais tar éis dul i bhfeidhm go mór ar an bpobal. Is é príomhaidhm an fheachtais ná logainmneacha, lena n-áirítear bailte, cathracha, contaetha agus áiteanna éagsúla ar fud na tíre a chur ar ais i ngnáthúsáid an phobail arís.

In áit ‘Dublin’ mar shampla, tá daoine á spreagadh chun ‘Baile Átha Cliath’ a úsáid agus mar an gcéanna le ‘Cork’ a athrú go ‘Corcaigh’ agus ‘Belfast’ mar ‘Béal Feirste’ srl.

Tá bríonna doimhne ag logainmneacha na hÉireann sa Ghaeilge, agus is minic a chailltear na bríonna sin sa Bhéarla. Déanann na hainmneacha cur síos ar ghnéithe tírdhreacha, ar stair áitiúil nó ar sheantraidisiúin a bhaineann leis an gceantar.

Mar shampla, tagraíonn “Baile Átha Cliath” do bhaile in aice le háth a deineadh le cliatha, agus ciallaíonn “Corcaigh” áit bhog riascach. Le himeacht ama, deineadh Galldú ar go leor ainmneacha Gaeilge chun iad a dhéanamh níos éasca do chainteoirí Béarla, agus sa chuid is mó de na cásanna cailleadh an bhrí bhunaidh ar fad.

I go leor cásanna, ní léiríonn na leaganacha Béarla bunbhrí ná bunús na logainmneacha Gaeilge.

Bhí ról lárnach ag Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sa phróiseas seo. Sna 1820idí agus go háirithe sna 1830idí, dhein an foras seo tionscadal mór mapála ar fud na hÉireann.

Ceann de na gnéithe ba thábhachtaí agus ba chonspóidí den obair ná logainmneacha Gaeilge a chaighdeánú i bhfoirmeacha a bheadh oiriúnach do mhapaí oifigiúla Béarla. Deineadh iarracht fuaimeanna Gaeilge a chur in oiriúint don Bhéarla.

Deineadh amhlaidh le hainmneacha na naibhneacha agus na sléibhte.

Tar éis na hoibre seo, ba iad na leaganacha Béarla a bhí á n-úsáid go hoifigiúil den chuid ba mhó. Le meath na Gaeilge, a tharla go forleathan i ndiaidh thréimhse tubaisteach an Ghorta Mhóir, d’imigh na hainmneacha ársa ó chaint na ndaoine chomh maith.

In ainneoin go bhfuil na Sasanaigh imithe ón gcuid theas den tír le breis is 100 bliain anois, tá sé suntasach nár deineadh aon iarracht an scéal a chur ina cheart ó shin i leith, seachas an corráit anseo is ansiúd, ar nós Dhún Laoghaire i mBaile Átha Cliath agus Cóbh i gCorcaigh.

Leis an togra seo, áfach, tá deis againn cuid den dochar sin a chur ina cheart . Léiríonn AthGhaelú treocht níos leithne ar fud an domhain.

I go leor tíortha, tá pobail dhúchasacha ag tabhairt ainmneacha traidisiúnta ar ais mar chuid d’iarrachtaí teangacha agus cultúir dhúchasacha a athbheochan.

Tá gluaiseachtaí chomhchosúla le feiceáil sa Bhreatain Bheag, in Albain, i gCeanada agus sa Nua- Shéalainn, áit a bhfuil na teangacha dúchasacha ag fáil níos mó feiceálachta arís sa saol poiblí.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin; “Níor aistríodh ár logainmneacha – athraíodh iad trí phróiseas coilíneach a scar daoine ó bhrí a dtírdhreacha féin.

Is é atá i gceist le hAthGhaelú ná na hainmneacha sin a thabhairt ar ais in úsáid laethúil agus iad a aithint mar chuid bheo dár bhféiniúlacht.

Féachann muid pobail eile, sa Bhreatain Bheag mar shampla, ag glacadh céimeanna lena logainmneacha dúchasacha a fhréamhú sa ghnáthshaol chomhaimseartha agus ní mór dúinn amhlaidh a dhéanamh anseo.

Trí logainmneacha Gaeilge a úsáid inár saol laethúil, táimid ag athcheangal leis an teanga, leis an tírdhreach, agus leis na scéalta a mhúnlaíonn muid ar fad.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do logainm féin, tabhair cuairt ar logainm.ie. Chun Gealltanas Logainmneacha a shíniú nó chun páirt a ghlacadh san fheachtas, tabhair cuairt ar cnag.ie/athghaelu.

AthGhaelú: Restoring Irish Place Names to Everyday Life

There has been a significant increase in interest in the Irish language in Ireland in recent years. More people are learning the language than ever before, Irish-language media is expanding, and young people are using Irish more frequently online and in everyday life.

One of the latest initiatives connected with this revival is AthGhaelú, a campaign recently launched by Conradh na Gaeilge which encourages people to use the Irish versions of place names instead of the English versions that later developed. This latest campaign by the organisation has made a strong impact among the public.

The main aim of the campaign is to return place names, including towns, cities, counties and various locations throughout the country, to normal everyday use. Instead of using “Dublin”, for example, people are being encouraged to use “Baile Átha Cliath”, and similarly to replace “Cork” with “Corcaigh”, “Belfast” with “Béal Feirste”, and so on.

Irish place names carry deep meanings, and these meanings are often lost in their English forms. These names frequently describe features of the landscape, local history, or ancient traditions associated with an area.

For example, “Baile Átha Cliath” refers to a settlement beside a ford made using hurdles, while “Corcaigh” means a marshy or wetland place.

Over time, many Irish names were anglicised to make them easier for English speakers to pronounce, and in many cases their original meanings were completely lost. In most instances, the English versions no longer reflect the original meaning or history behind the Irish place names.

The Ordnance Survey of Ireland played a central role in this process. During the 1820s, and particularly throughout the 1830s, the organisation carried out a major mapping project across the country.

One of the most important and controversial aspects of this work was the standardisation of Irish place names into forms suitable for official English-language maps.

An effort was made to adapt Irish sounds and spellings to the English language. A similar process was applied to the names of rivers and mountains. Following this work, the English versions became the official forms used by the state.

With the decline of Irish, which accelerated significantly after the devastating period of the Great Famine, many of these ancient Gaelic names also disappeared from everyday speech.

Despite the fact that the Irish state has existed for over 100 years and that its Constitution recognises Irish as the first official language of the state, it is notable that no major effort has been made since then to address this issue, apart from occasional examples such as Dún Laoghaire in Dublin and Cobh in Cork.

With this initiative, however, there is now an opportunity to address this historical legacy. AthGhaelú reflects a wider international trend. In many countries, indigenous communities are restoring traditional names as part of efforts to revive their languages and cultures. Similar movements can be seen in Wales, Scotland, Canada and New Zealand, where indigenous languages are once again gaining greater visibility in public life.

Speaking about the campaign, the President of Conradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, stated: “Our place names were not translated; they were changed through a colonial process that separated people from the meaning of their own landscapes.

AthGhaelú is about bringing those names back into everyday use and recognising them as a living part of our identity. We see other communities, in Wales for example, taking steps to root their indigenous place names in contemporary everyday life, and we must do the same here.

By using Irish place names in our daily lives, we are reconnecting with the language, the landscape, and the stories that shape us all.”

To find out more about your own place name, visit logainm.ie.

To sign the Place Names Pledge or take part in the campaign, visit cnag.ie/athghaelu.