Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht
The performance of 'An Rí' by Pádraig Pearse, performed by 'Aisteoirí Thamhlachta' a drama group of Gaelphobal Thamhlachta

Seachtain na Gaeilge i dTamhlacht

THE Foundational Myths of Tallaght Caint leis an staraí Albert Perris, Dé Luain, ar 7 i.n., 10 Márta, i Leabharlann an Chontae i dtaobh na miotaseolaíochta, an réamhstair is an seanchas a thugann féiniúlacht faoi leith do Thamhlacht.

Am Scéalaíochta

Beidh sé ar siúl i Leabharlann an Chontae, Dé Máirt, 8 Márta, ag tosú ar 3.30 i.n. le haghaidh páistí ó 3 go 7 mbliana d’aois.

‘As Béal A Chéile’, Cór Gaeilge Beidh roinnt mhaith amhráin Ghaeilge a chanadh, ag tosú ar 2 i.n., Dé Sathairn, 8 Márta.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chanadh! Sáirséal agus Dill 1945-1982, Scéal Foilsitheora Caint dhátheangach ag tosú ar 1 i.n., Dé Máirt, 11 Márta, i dtaobh an chomhlacht foilsitheoireachta, Sáirséal agus Dill.

Beidh ábhair fhoilsitheoireachta ar taispeáint sa Leabharlann ón Luan, 10 Márta go Mairt, 18 Márta.

Unveiled

Caint i Leabharlann an Chontae le Niall Austin, scríbhneoir agus teicneolaí, ar an gcaoi ar féidir leis an Intleacht Shaorga miotaseolaíocht shaibhir na hÉireann a thabhairt chun beatha do na glúnta atá ag teacht chun cinn.

Beidh an chaint ag tosú ar 6.30, Dé Máirt, 11 Márta agus ar 4 i.n., Dé Céadoin, 12 Márta.

Ceardlann Samhaltaithe 3T

Foghlaim bunghnéithe samhaltú agus dearadh 3T agus déan do shiogairlín seamróige féin a dhearadh ag baint úsáide as na bogearraí saor in aisce, Tinkercad.

Cuirfear do shiogairlín i gcló ar ball. Beidh sé seo ar siúl Déardaoin, 13 Márta, ag tosú ar 3.30 i.n.

Oll Ciorcal Chomhrá i Leabharlann an Chontae Beidh an t-imeacht seo ar siúl Déardaoin, 13 Márta.

Caint, craic agus cupán tae. Is gá clárú trí Eventbrite.

Tob-Ghaeltacht Chlainne

Beidh Tob-Ghaeltacht Chlainne ar siúl i bPrióireacht Mhuire Dé Sathairn, 15 Márta, ó 3.30 i.n. go 8 i.n. Chomh maith leis an teacht le chéile neamhfhoirmiúil mar a bhaineann leis na himeachtaí seo, beidh amhránaíocht, ealaín agus scríbhneoireacht chruthaitheach ar siúl ann.

Oiche Scannáin

Tá oíche scannán eagraithe ag Leabharlann Thamhlachta, ar an 18 Márta ag 6.30. Beidh an scannán dátheangach, Kings, le Colm Meaney, á thaispeáint ann.

Gluais

Leabharlann an Chontae – County Library Staraí – historian Miotaseolaíocht – mythology Réamhstair – pre history Seanchas – folklore Féiniúlacht – identity Am scéalaíochta – story time Cór – choir Amhráin Ghaeilge – Irish songs Caint dhátheangach – a bilingual talk Ar taispeáint – on display Scríbhneoir – writer Teicneolaí -technician Intleacht Shaorga – Artificial Intelligence Miotaseolaíocht – mythology Ceardlann Samhaltaithe 3T – 3D Modelling Workshop Siogairlín seamróige – a shamrock pendant Tob-Ghaeltacht Chlainne – A family Pop-Up Gaeltacht Prióireacht Mhuire – St. Mary’s Priory Amhránaíocht – singing Ealaín – art Scríbhneoireacht chruthaitheach – creative writing Oíche scannáin- movie night

TAGS
Share This