Club Óige Feachtas Thamhlachta: Samhradh Gnóthach agus Bliain Spreagúil Romhainn
Organisations including Feachtas Thamhlachta, Ógras and Aisteoirí Thamhlachta, demonstrate how Irish-medium education creates thriving cultural, social and community networks

Club Óige Feachtas Thamhlachta: Samhradh Gnóthach agus Bliain Spreagúil Romhainn

TÁ OBAIR iontach á déanamh ag Feachtas Thamhlachta i gcónaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc óige an cheantair.

Tar éis samhradh thar a bheith gnóthach, tá gach duine sa chlub ag tnúth go mór leis an mbliain nua a thosú ar an Luan, 5 Deireadh Fómhair i Scoil Santain.

Samhradh le Cuimhneamh Air

D’éirigh go geal le Campa Samhraidh Feachtas a reáchtáladh i Scoil Santain ón 6–10 Iúil. D’fhreastail 35 duine óg ó Thamhlacht ar an gcampa, agus ba é an turas go Clara Lara an buaicphointe do gach éinne de na rannpháirtithe!

Bliain Nua, Sceideal Nua

Ag athoscailt dó ar an 5 Deireadh Fómhair, beidh dhá aoisghrúpa ag feidhmiú i mbliana i Scoil Santain: 10–13 bliana d’aois: 18:00 – 19:00 (Ionad Scoil Santain)

13–18 mbliana d’aois: 19:00 – 20:00 (Ionad Scoil Santain)

Bíonn éagsúlacht mhór imeachtaí ar siúl sa chlub — idir spórt, ealaín agus thograí atá dírithe ar an athrú aeráide agus ar an timpeallacht.

Anuraidh, mar shampla, thóg an grúpa is sine €100 ar son an charthanais Friends of the Friendly Environment.

Ba iad Lucy, Rían, Sophie, Seán agus Oisín a d’eagraigh díolachán cácaí sa chlub chun an t-airgead sin a chiomsú.

Ceangail Láidre Pobail & Ceannaireacht Tá ceangal domhain ag an gclub le pobal Thamhlachta. Is as an gceantar féin do cheannairí an chlub ar fad, agus bhí triúr acu ina mbaill den chlub iad féin nuair a bhí siad níos óige!

Is ábhar mór bróid é a fheiceáil go mbíonn daoine óga ag fanacht páirteach sa chlub agus ag filleadh mar cheannairí chun tacú leis an chéad ghlúin eile.

Chun leanúint leis an gcothú seo, tá clár ceannaireachta ar siúl faoi láthair do cheannairí óga ó 15 bliana d’aois ar aghaidh.

Imeachtaí Speisialta le Tnúth Leo

Turas Gaeltachta: Le linn bhriseadh an mheántéarma, beidh turas Gaeltachta go Leitir Mealláin ar siúl i gcomhar leis an ógeagraíocht Spleodar, a bheidh dírithe ar dhaltaí meánscoile a fhreastalaíonn ar chlubanna Feachtas.

Oíche na nÓg (Aoine, 13 Samhain): Beidh ceiliúradh mór ar siúl sa Scioból ar chúl Chaifé Aon Scéal ó 18:00–20:00. Beidh ceardlann caraité trí Ghaeilge le Breandán Ó hÚallaigh ó GaelKarate, bingó trí Ghaeilge agus bia ar fáil do chách!

Thar aon ní eile, is é an rud is tábhachtaí ná go mbíonn go leor spraoi agus craic ag na daoine óga agus iad ag labhairt na Gaeilge i dtimpeallacht shábháilte, chairdiúil.

Tuilleadh Eolais & Teagmháil Teagmháil: Róisín Nic Ghearailt Ríomhphost: roisin@feachtas.ie Fón: 087 770 9796 / 087 770 9776 Suíomh Gréasáin: www.feachtas.ie

Feachtas Thamhlachta continues to do outstanding work promoting the Irish language among local youth. Following an extraordinarily busy summer, everyone at the club is eagerly anticipating the start of the new club year on Monday, October 5th at Scoil Santain.

A Summer to Remember

The Feachtas Summer Camp, held at Scoil Santain from July 6th to 10th, was a resounding success. A total of 35 young people from Tallaght attended the camp, with the trip to Clara Lara standing out as a major highlight for many participants!

New Year, New Schedule

Reopening on October 5th, the club will cater to two distinct age groups this year at Scoil Santain:

  • Ages 10–13: 18:00 – 19:00 (Scoil Santain
  • Ages 13–18: 19:00 – 20:00 (Scoil Santain

The club offers a wide variety of activities

ranging from sports and arts to climate action and environmental projects. Last year, for instance, the senior group raised €100 for Friends of the Friendly Environment. Group members Lucy, Rían, Sophie, Seán, and Oisín spearheaded the initiative, baking cakes and holding a bake sale at the club to raise the funds.

Strong Community Roots & Youth Leadership

The club maintains deep roots within the local Tallaght community. All club leaders are Tallaght natives, and three of them were club members themselves when they were younger!

It is a wonderful testament to the club’s impact to see young people remain involved and return as leaders to mentor the next generation. To build on this success, a specialized leadership training program is currently underway for young leaders aged 15 and up.

Special Events to Look Forward To Gaeltacht Trip: During the midterm break, a Gaeltacht trip to Leitir Mealláin will take place in partnership with youth organization Spleodar, specifically organized for secondary school students attending Feachtas youth clubs.

Oíche na nÓg (Youth Night – Friday, Nov 13)

A special celebration will take place in An Sciobóil to the rear of  Aon Scéal? Café from 18:00 to 20:00.

The event will feature a karate workshop through Irish with Breandán Ó hÚallaigh from GaelKarate, Irish-language bingo, and food for all attendees!

Above all, the most important element of Feachtas is that young people have tremendous fun while speaking Irish in a safe, welcoming, and vibrant environment.

Further Information & Contact Contact: Róisín Nic Ghearailt Email: roisin@feachtas.ie

Phone: 087 770 9796 / 087 770 9776 Website: feachtas.